Más scríbhneoir tú atá san áireamh in Eolaire na Scríbhneoirí Gaeilge cheana tá láncheart agat an t-eolas atá san iontráil a bhaineann leat a cheartú, a leasú nó cur leis. Is féidir an fhoirm thíos a úsáid chun leasuithe mar seo a iarraidh. Tugtar do d'aire nach gá ach an t-eolas atá le leasú a scríobh isteach thíos: seachas sin coimeádfar an t-eolas atá sa bhuniontráil cheana féin. Tá sé riachtanach idir ainm agus sheoladh ríomhphoist a chur ar fáil, áfach, agus déanfar teagmháil leat le do chuid leasuithe a dheimhniú. Má tá ceist nó moladh agat nach bhfuil clúdaithe mar chuid den fhoirm thíos is féidir scríobh sa bhosca 'Eolas breise' ag bun an leathanaigh. Is féidir grianghraf díot féin a uaslódáil tríd an bhfoirm seo freisin. Cuirfear do chuid leasuithe i bhfeidhm tar éis do dhuine dár n‑eagarthóirí an t‑ábhar a bhreithniú.