Éagsúlacht teanga i measc scríbhneoirí na Gaeilge
Tháinig baill an Aontais le chéile ar an 17 Deireadh Fómhair 2022 le plé a dhéanamh ar éagsúlacht teanga i measc scríbhneoirí na Gaeilge. Ba í sprioc na hoíche ná dianmhacnamh a dhéanamh ar cad is scríbhneoir Gaeilge ann: Cén cúlraí teanga atá ag scríbhneoirí? Conas a shealbhaigh siad an Ghaeilge? Cén fáth a bhfuil siad ag scríobh as Gaeilge? Cad é a meas ar ghnó na scríbhneoireachta?
Eolaire na Scríbhneoirí Gaeilge
Is bunachar iontach spéisiúil é Eolaire na Scríbhneoirí a chruthaigh Anna Heussaff, Éilís Ní Anluain agus Ronan Ó Dochartaigh sa tréimhse 2016-19. Tugann sé forléargas ginearálta dúinn ar scríbhneoirí comhaimseartha na Gaeilge. Le tús a chur leis an bplé, chuir Anna staitisticí ón eolaire faoinár mbráid. Ansin, rinne an painéal cur síos níos mine ar cad is scríbhneoir Gaeilge ann agus iad ag cíoradh cuid de na ceisteanna a eascraíonn as statisticí an eolaire.
Foilsíodh Eolaire na Scríbhneoirí Gaeilge ar shuíomh an Aontais mar áis do phobal uile na leabhar Gaeilge. Tionscadal atá san Eolaire a bhfuil dhá áis leictreonacha mar thoradh air: (i) eolaire inchuardaithe a dhéanann liostáil ar bheoscríbhneoirí Gaeilge an lae inniu agus (ii) léargas maidir le próifíl ghinearálta na scríbhneoiri céanna.
Agus Anna ag caint faoin eolaire dúirt sí: “Is éard a léiríonn an t-eolaire ná go bhfuil an-éagsúlacht inár measc agus go bhfuil cúlraí teanga éagsúla againn. Dá réir sin, tá athrú mór tagtha le 60 bliain anuas, ón uair a raibh Seán Ó Ríordáin fíorbhuartha, cráite in amanta, faoi cé chomh dúchasach is a bhí a chuid Gaeilge agus faitíos air nach nglacfaí leis mar scríbhneoir.” "Mar a dhéanann scríbhneoirí i ngach teanga, caithfimid saothrú a dhéanamh ar ár gcumas teanga agus muid ag teacht ó go leor cúlraí éagsúla."
“Ar nós gach cnuasach fíricí, tá bearnaí ann agus tuiscintí difriúla ar féidir iad a baint as agus d’fhéadfaí a bheith ag argóint faoi cad é ba cheart a bheith ann agus nach bhfuil ann...”
Sa dara cuid den ócáid, rinne an painéal aoichainteoirí plé ar na difríochtaí agus na cosúlachtaí eatarthu ó thaobh a gcúlraí teanga agus a dtaithí scríbhneoireachta de.
Céard é do mheas ar na staitisticí ón Eolaire? An bhfuil aon rud ann nach raibh tú ag súil leis?
Cathal: “Tá líon teoranta daoine faoi bhun 40 bliain d’aois ag scríobh i nGaeilge. Ba bhreá liom dá mba rud é go raibheamar ábalta breathnú ar na figiúirí sin arís i gceann cúpla bliain agus fás a fheiceáil i measc na scríbhneoirí idir fiche agus dhá scór.”
“Ceann de na rudaí a spreag mise nuair a bhí mé ar an aois sin ná Comhar, Feasta agus a leithéidí. Bhí áit éigin ann a raibh fáilte roimh do shaothar. Ligeann na hirisí duit do chos a chur ar an dréimire ach ní dóigh liom go bhfuil siad scaipthe chomh forleathan anois agus a bhí...ach nuair a fheicimse an méid cúrsaí atá ar siúl in ollscoileanna don scríbhneoireacht chruthaitheach, gearrchúrsaí in Áras Scríbhneoirí na hÉIreann agus araile…tá deiseanna ann do scríbhneoirí óga oiliúint a fháil nach raibh ann cúpla scór bliain ó shin…"
Cathain agus conas a d’fhoglaim tú an Ghaeilge? Cén fáth go scríobhann tú i nGaeilge?
Sadhbh: Cé nach raibh an Ghaeilge mar theanga an tinteáin ag Sadhbh agus í ag fás aníos, d’fhreastail sí ar Ghaelscoileanna ón gcéad lá riamh agus bhronn Coláiste na Tríonóide céim sa Ghaeilge agus sa Drámaíocht uirthi. “Níor tógadh le Gaeilge mé. D’oscail gaelscoil nua i mo cheantar i gCill Mhantáin an bhliain a rugadh mé agus bhí spásanna ann. Thapaigh mo thuismitheoirí an deis.” “Níor shíl mé riamh go mbéinn ábalta scríobh go cruthaitheach i nGaeilge mar domsa, is dócha gur teanga oibre a bhí ann i gcónaí, teanga scoile agus teanga don job agus ansin d’fhreastail mé ar chúrsa sa scríbhneoireacht chruthaitheach. Nuair a chuala an stiúrthóir go raibh Gaeilge agam, d’iarr sé orm 'An scríobhann tú i nGaeilge?' 'No, no, ‘sí mo dara teanga í', a d'fhreagair mé 'Ní bheinn ábalta riamh. Ní bheinn líofa go leor chuige sin.' Cé go raibh an Ghaeilge á húsáid agam gach uile lá ó bhí mé trí bliana d’aois! Ach ar chúis ait éigin níor chreid mé go mbeadh mo chuid Gaeilge maith go leor riamh le dul i mbun scríbhneoireacta.”
“Tá frásaí deasa againn as Gaeilge agus tá frásaí áille againn as Béarla agus uaireanta ní hionann iad sa dá theanga. Caithfidh tú machnamh a dhéanamh ar cén teanga is fearr don scéal atá idir lámha agat.”
Proinsias:
Tógadh Proinsias le Gaeilge in Árainn Mhór Thír Chonaill.
“Bhí an t-ádh ormsa nuair a bhí mise óg, beirt athair mhóra a bhí agam, scéalaithe iontach maith a bhí iontu...Na blianta ina dhiaidh sin, bhí mé istigh i leabharlann agus phioc mé suas leabhar béaloidis nó seanscéalta as Tír Chonaill agus d’aithin mé na scéalta. Ba iad na scéalta ceannann céanna a insíodh m'aithreacha móra dom le mé a chur a chodladh. Ach nuair a bhí mise i mo ghasúr óg is beag suim a chuir mé iontu agus is beag tuisceana a bhí agam orthu mar gheall ar sin ach caithfidh go raibh tionchar acu orm mar chuaigh mé le bunchéim a dhéanamh agus chuaigh mé le céim mháistreachta a dhéanamh ina dhiaidh sin agus gach uair a raibh aiste le scríobh agam, nó staidéar le déanamh agam, nó tráchtas le déanamh agam, ar dhóigh éigin, bhí siad i gcónaí dírithe ar an mbéaloideas..."
"….casadh Pádraig Ó Snodaigh orm ag an mbeár. Dúirt me leis go raibh MA déanta agam agus go raibh tráchtas curtha isteach agam agus duirt sé liom: 'Bhuel, cén fáth nach gcuirfeá amach mar leabhar é?' Níor smaoinigh mé féin air riamh. Thug mé dó é, d’fhoilsigh sé é, d’éirigh go maith leis agus díoladh amach é, rud a chur iontas ormsa. Sin an rud a thug spreagadh domsa…"
Cathal:
Is as chathair Dhoire do Chathal.
“Ní raibh Gaeilge ar bith sa bhaile...Ní raibh aon Ghaeilge ar fáil sa bhunscoil ach oiread...Ní raibh a leithéid de rud ann agus gaelscoil ag an am sin. Chuaigh mé go meánscoil a raibh an Ghaeilge le fáil inti agus múinteoirí maithe Gaeilge inti lena chois sin ach is dócha nár chuir mé spéis iontach mhór sa Ghaeilge go dtí gur thosaigh mé ag dul go dtí an Ghaeltacht nuair a bhí mé cúig bliana déag d'aois... bhí, agus tá go fóill is dóigh liom, scéim ag Gael-Linn…tugann siad amach scoláireachtaí do mheánscoileanna sna Sé Chontae le daltaí a chur chun na Gaeltachta...Bhí grúpa againn a tháinig le chéile agus thugamar tacaíocht dá chéile ó thaobh cúrsaí Gaeilge de agus spreag duine amháin duine eile. Is dóigh liom go raibh an tacaíocht sin ó m’aoisghrúpa féin iontach tábhachtach."
"Faigheann Pádraig Ó Snodaigh greim scrogaill ar aon duine atá ábalta dhá fhocal a chur le chéile, agus b’fhéidir nach bhfuil siad san ord ceart fiú, agus bíonn sé ag cuardach leabhair uait. Brú ón Snodach a chur mé le leabhar a scríobh." “Uaireanta, caithfidh tú an córas a imirt nó a lúbadh i do threo féin le deiseanna a fháil. Ó bhí mé sna déaga tá mo chroí istigh sa Ghaeilge agus má bhíonn deis agam rud éigin a dhéanamh ar mhaithe leis an nGaeilge, déanaim é. Go leor den scríbhneoireacht i mBéarla atá déanta agam, tháinig sé leis an obair mar a déarfá…ach anois agus mo rogha féin agam, roghnaím an Ghaeilge mar theanga i gcónaí más féidir liom ar chor ar bith.”
An bhfuil riachtanais ar leith ag daoine a scríobhann i dteangacha mionlaigh? An bhfreastalaíonn na scéimeanna do scríbhneoirí na Gaeilge ar na riachtanais sin?
Cathal: “Na scéimeanna atá ann, tá siad ceart go leor, na cinn is fearr ná na cónaitheachtaí sna hollscoileanna agus na sparánachtaí atá ag Clár na Leabhar Gaeilge... ach dhéanfá i bhfad níos mó airgid ag tarraingt piontaí taobh thiar de bheár agus is mór an trua gur mar sin atá sé. Is dóigh liom go ndéanann go leor leor daoine cinneadh gan luí isteach ar an scríbhneoireacht i nGaeilge mar go gcaithfidh siad díon a choinneáil ós a gcionn, go gcaithfidh siad clann a thógáil, go gcaithfidh siad ithe agus mar sin de.”
“Tá sé fíor fíordheacair a bheith beo ar an scríbhneoireacht Gaeilge léi féin, caithfear an-chuid rudaí eile a dhéanamh, moltóireacht ar an rud seo, cúrsaí beaga a mhúineadh, rudaí den chinéal sin a thógann tú ón scríbhneoireacht, nó b’fhéidir go dtugann siad solúbthacht agus saoirse áirithe duit le bheith ag scríobh ach ag an am céanna bíonn siad i gcónaí ag goid ama uait, an t-am ba mhaith leat a chaitheamh ar an scríbhneoireacht.”
An bhfuil litríocht na Gaeilge ag teacht faoi anáil an Bhéarla, meas tú? Ar cheart do scríbhneoirí Gaeilge úsáid a bhaint as foirmeacha iarthraidisiúnta den Ghaeilge agus iad i mbun pinn?
Sadhbh: “Táim amhrasach i gcónaí faoi mo chuid Gaeilge féin: An bhfuil mé ag tarraingt ar an mBéarla i ngan fhios dom féin? An bhfuil mé ag aistriú ó Bhéarla go Gaeilge? Ach bíonn an-chuid plé agam le mo fhoilsitheoir, téimid tríd an téacs focal ar fhocal...bím i gcónaí oscailte don rud atá á rá ag an eagarthóir.” “Táimid ag iarraidh saibhreas a choimeád is mian linn go mbeidh an teanga ag dul ar “Táimid ag iarraidh saibhreas a choimeád, is mian linn go mbeidh an teanga ag dul ar aghaidh ach ag an am céanna táimid ag smaoineamh ar dhaoine nua a mhealladh i dtreo na teanga agus ag iarraidh fáilte a chur rompu…”
“Níl a fhios agam an caomhnóir teanga mé. Is aoibhinn liom an Ghaeilge agus is aoibhinn liom a bheith ag scríobh i nGaeilge ach ar an lámh eile, cuid den spreagadh a bhí agam dul i mbun scríbhneoireachta ná ábhar Gaeilge a chur ar fáil do mo pháistí féin agus páistí eile, ábhar tarraingteach agus spraíúil agus ar an gcaighdeán céanna le haon rud atá ar fáil i mBéarla chun iad a mhealladh ón mBéarla b’fhéidir, ionas go mbeadh rogha eile acu. So, is dócha go bhfuil caomhnú teanga i gceist freisin mar tá tú in iomaíocht le raidhse leabhar i mBéarla.”
Proinsias: “Abair dá mbeifeá ag scríobh i mBéarla, ba mhaith leatsa go mbeadh an friotal agus an teanga agus an úsáid a bhaineann tú as an teanga sin chomh maith agus a thuig leat é a dhéanamh, an rud céanna i bhFraincis agus i nGearmáinis agus an rud céanna i nGaeilge. Ba cheart dúinn a bheith ag iarraidh Gaeilge mhaith a úsáid. Anois, ní hionann sin is a rá nach bhfuil áit do na múnlaí úra atá ag teacht isteach sa theanga agus ní bheadh deacracht ar bith agamsa le Béarlachas a chur isteach i mbéal carachtar, mar shampla... B’fhéidir go mbeadh feidhm leis, b’fhéidir go mbeadh úsáid leis. Ní gá dúinn eagla a bheith orainn roimh na hathruithe atá ag teacht ar an teanga."
"Tá tionchar ag an mBéarla ar an nGaeilge le sé chéad bliain... Agus an bhfuilimid chun dul siar go haimsir na Normannach agus focail ón bhFraincis a ruaigeadh ón teanga? Má dhéanaimid sin, beidh an teanga stálaithe, ní bheidh bogadh chun tosaigh inti."
Anna: “Tá a fhios againn go raibh Máirtín Ó Cadhain go hiontach maidir le stór ollmhór focal agus nathanna agus saibhreas teanga ach tógann simplíocht cuid mhaith oibre chomh maith le saibhreas agus castacht agus úrnuacht. Ba cheart an cumas Gaeilge a neartú ionat féin atá in oiriúint don rud atá tú ag iarraidh a chur i gcrích, sílim. Agus is saothar saoil é sin, ní rud é a fhoghlaimíonn tú agus ansin tá sé agat..."
Cén chomhairle a chuirfeá ar scríbhneoirí a dhéanann imní faoina gcumas sa theanga?
Sadhbh: "Bí ag léamh leabhair eile, déanaim nótaí de abairtí a thaitníonn liom ar mhaithe leis an struchtúr ceart a fhoghlaim...buail le daoine eile atá ag scríobh i nGaeilge freisin chun do chuid oibre a phlé leo."
Cathal: "Beidh eagarthóir in ann slacht a chur ar rudaí ach caithfidh rud éigin a bheith ann i dtosach báire. Agus caithfidh go bhfuil rud éigin ann don scríbhneoir ionas gur féidir feabhas a chur air de réir mar atá sé ag foghlaim na teanga, de réir mar atá sé ag foghlaim na ceirde. Cuir tús leis gan faitíos, gan scáth. Tabhair faoin scéal! Nuair atá dréacht déanta agat, tá rud éigin déanta agat agus ansin is féidir leat a bheith ag déanamh imní faoi cé chomh cruinn, nó cé chomh maith nó cé chomh láidir, nó cé chomh éifeachtach is atá sé."
Míle buíochas leis na haoichainteoirí as an bplé suimiúil, spreagúil agus le gach duine a bhí i láthair don ócáid.
Éilis Neary
Bainisteoir ASG